Eochaill

3 views

Lyrics

Maidin Domhnaigh, is mé ag dul go hEochaill
 Do casadh an óig-bhean orm sa tslí
 Bhí a gruaig ar áilleacht ar sileadh thóirste
 Is ba bhinne a glór ná na ceolta sídhe
 Leagas mo lámh ar a bráid le mórtas
 Is d'iarr mé póigín ar stór mo chroí
 Sé duirt sí "Stad is ná strac mo chlóca
 Is gan fios do ghnósa ag bean do thí"
 "Seo mo lámh duit ná fuilim pósta
 'S gur buachaill óg mé thug gean do mhnaoí
 'S dá dtriallfá liomsa ar ais go hEochaill
 Go bhfaighfeá ómos mar a gheobhadh bean tí
 Chuirfinn high-caul cap i gceart is i gcóir ort
 Gúna, clóca is caipisín
 Bheadh siopa dram againn de'n bhfíon is den bheoraigh
 Is do leanbh dóigheamhail ag siúl an tí"
 "Níl ann ach uair bheag ó d'fhág mise Eochaill
 'S ní ligeann an brón dom filleadh arís
 Mar go mbheadh mo mhuintir i bhfeirg mhór liom
 'S cha bhfaighinnse fóirthint óm' chairde gaoil
 Leath a ndeir siad, ní dheanaim a gcomhairle
 Ach buailim an bóthar de ló 'gus d'oíche
 Is cailín scaite mé 'tá ag siúl an bhóthraigh
 Ag lorg eolais ar Cheapach Chuinn"
 1

Audio Features

Song Details

Duration
05:23
Tempo
122 BPM

Share

More Songs by Danú

Albums by Danú

Similar Songs