On Taobh Tuathail Amach

6 views

Lyrics

Ná bí ag troid liom anois
 Nó ní do namhaid mé;
 Ná bí ag troid liom anois
 Tuigfidh tú sa deireadh thiar thall nach do namhaid mé
 Ó taobh tuathail amach
 Níor mhaith liom troid arís
 Ón taobh tuathail amach
 Mar throid mé liom féin
 Throid mé le Dé,
 Throid mé le mo shaol
 Agus throid mé léi
 Throid mé le mo chéile,
 Throid mé é'
 Throid mé chomh minic sin gur chuir mé
 eagla orm féin.
 Na cuir ag troid mé arís
 Ní chun mo leasa é
 Ná cuir ag troid mé arís
 Mar níl aon fhonn orm an t-anam atá agam
 A chur amú I mo shaol.
 Ó taobh tuathail amach
 Níor mhaith liom troid arís
 Ón taobh tuathail amach
 Ó, in ainm Dé
 Coinnigí an tsíocháin,
 Déanfaidh muidne fás I ngach aon slí
 Coinnigí an tsíocháin,
 Tá dóthain le déanamh cheana féin;
 Coinnigí an tsíocháin,
 Tá athrú ar an domhan amuigh le déanaí
 Coinnigí an tsíocháin
 Sara nglacann muid an dara céim.
 Ó taobh tuathail amach
 Níor mhaith liom troid arís
 Ón taobh tuathail amach

Audio Features

Song Details

Duration
03:54
Key
2
Tempo
107 BPM

Share

More Songs by Kíla

Albums by Kíla

Similar Songs