An Spealadóir

7 views

Lyrics

Le meán an fhómhair dá chaitheamh dom
 Ba mhór dubhach mo scéal
 Go breoite, brónach, atuirseach
 Gan sólás insa' tsaol
 Mo pháircín féir gan gearradh uaim
 De dheascaibh clainn an Bhreacluain
 'Gus féar na gcomharsan treascartha
 Á chíoradh le gréin
 Chorus:
 Dá bhfaighinnse speal ó Shasana
 'Gus crann ó Locha Léin
 Cloch is clár is gaineamh air
 Ó dhúiche Uí Néill
 Do chuirfinn faobhar ar maidin suas
 'Sheasódh ar feadh na seachtaine
 Is bearrtha 'bheadh an t-acra
 Le fáinne an lae
 Do shmaoiníos féin im' aigne
 San oíche trím' néal
 Go raibh beirt fhear óga chalma
 Do mhaíomh a bhfaobhar
 Féna ndéin do ghaibh mo theachtaire
 Chun mo pháircín féin do ghearradh dhom
 'S is grámhar, fáilteach freagarthach
 Do thánadar araon
 (Chorus)
 I gcóir is i bhfaobhar bhí speal acu
 Le fáinne an lae
 'S do luíodar siúd go slachtmhar glan
 Is iad ag baint an fhéir
 Seala beag don eadartha
 'S a lán don lá gan caitheamh fós
 Do bhí dóthain siúd di leagaithe
 'S é bearrtha go cré
 (Chorus 2x)
 

Audio Features

Song Details

Duration
02:49
Key
7
Tempo
127 BPM

Share

More Songs by Muireann Nic Amhlaoibh

Albums by Muireann Nic Amhlaoibh

Similar Songs