Seoithín Seothó

8 views

Lyrics

Chorus:
 Seoithín seothó, mo stór é mo leanabh
 Mo sheod gan chealg, mo chuid den tsaol mór
 Seoithín seothó, nach mór é an taitneamh
 Mo stóirín ina leaba ina chodladh gan bhrón
 A leanbh, mo chléibh, go n-éirí do chodladh leat
 Slán agus sonas a choíche 'do chomhair
 Seo beannacht Mhic Dé agus téagar a Bhuime leat
 Téiríg a chodladh gan bíogadh go ló
 Ar mhullach an tí tá síoga geala
 Fá chaoin ré an earraigh ag imirt a spóirt
 Is seo iad aniar chun glaoigh ar mo leanbh
 Le mian é tharraingt isteach sa lios mór
 Goirm tú, a chroí, ní bhfaighfidh siad do mhealladh
 Le brí a gcleas ná le binneas a gceoil
 Táimse led' thaoibh ag guí ort na mbeannacht
 Seoithín, a leanbh, ní himtheo' tú leo
 (Chorus)
 Ós comhair mo lao, go míochair ceanúil
 Tá díl-roisc aingeal ag faire ina threo
 Le mór-ghrá dian á iarraidh chun bealaigh
 Mar b'aoibhne flaithis dá raghadh sé leo
 A stór mo chroí, luigh siar i do leaba
 Taobh le do Mham is ea fanfair go fóill
 Ní mór liom do Dhia mo shiamsa 'gus m'aiteas
 Mo riocht ar talamh i dteannta mo bhróid
 Seoithín seothó, mo stór é mo leanabh
 Mo sheod gan chealg, mo chuid den tsaol mór
 Seoithín seothó, nach mór é an taitneamh
 Mo stóirín ina leaba ina chodladh gan bhrón

Audio Features

Song Details

Duration
04:42
Key
10
Tempo
123 BPM

Share

More Songs by Muireann Nic Amhlaoibh

Albums by Muireann Nic Amhlaoibh

Similar Songs